6. Chuaigh Ísmeáéil mac Natainiá amach as Miozpá ina n‑araicis ag gol dóibh ag teacht. Nuair a casadh orthu é dúirt sé leo: “Tagaigí go Gadailiá mac Aichíceám.”
7. Ach níor luaithe i lár na cathrach iad ná gur mharaigh Ísmeáéil mac Natainiá iad, agus theilg isteach i dtobar iad - é féin agus a chuid fear.
8. Bhí deichniúr fear orthu, áfach, a dúirt le hÍsmeáéil: “Ná maraigh sinne; tá stór bia i dtaisce againn faoin tuaith - cruithneacht agus eorna, ola agus mil.” Rinne sé anacal orthu, mar sin, agus níor mharaigh iad i measc a ndeartháireacha.
9. An tobar ar theilg Ísmeáéil corpáin na ndaoine uile a mharaigh sé, ba thobar mór é a thochail Ásá an rí ar eagla Bháiseá rí Iosrael. Lion Ísmeáéil mac Natainiá é leis an drong a maraíodh.
10. Ansin rug Ísmeáéil leis an fuíoll uile den phobal a bhí i Miozpá, agus iníonacha an rí a d'fhág Nabúzaradán, ceann an gharda, faoi chúram Ghadailiá mac Aichíceám. Chuir Ísmeáéil mac Natainiá chun bóthair go moch ar a shlí anonn go dtí na hAmónaigh.
11. Nuair a chuala Ióchánán mac Cháiréach agus ceannairí uile an airm a bhí ina fhochair faoi gach olc dá ndearna Ísmeáéil mac Natainiá,
12. bhailigh siad a gcuid fear agus chuir chun bóthair chun Ísmeáéil mac Natainiá a ionsaí. Tháinig siad suas leis lámh leis an Linn Mhór i nGibeón.