Irimia 40:10-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Maidir liom féin, déanfaidh mé cónaí anseo i Miozpá mar is mé a bheidh freagarthach do na Caildéigh nuair a thiocfaidh siad chugainn; ach, sibhse, cruinnígíse an barr fíniúna, torthaí samhraidh agus ola; líonaigí bhur soithí agus cuirigí fúibh sna bailte is rogha libh.”

11. Mar an gcéanna, nuair a chuala na Giúdaigh uile a bhí i Móáb agus i measc na nAmónach, agus in Eadóm, gur fhág rí na Bablóine fuíoll in Iúdá, agus gur chuir sé Gadailiá mac Aichíceám, mac Sheáfán, os a gcionn,

12. d'fhill siad uile as gach aon áit ar díbríodh iad. Ar theacht ar ais go tír Iúdá dóibh, go Gadailiá i Miozpá, chruinnigh siad stór mór fíona agus torthaí samhraidh.

13. Ansin tháinig Ióchánán mac Cháiréach, agus ceannairí uile an tslua a bhí fós ar fan faoin tuath, go Gadailiá i Miozpá,

14. agus dúirt leis: “An bhfuil a fhios agatsa gur chuir Báilíos, rí na nAmónach, Ísmeáéil mac Natainiá do do mharú?” Ach ní chreidfeadh Gadailiá mac Aichíceám iad.

Irimia 40