Irimia 4:9-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. An lá sin - is é an Tiarna a labhraíonn -clisfidh croí an ríagus croí na bprionsaí mar an gcéanna;beidh uafás ar na sagairt,beidh mearbhall ar na fáithe.”

10. [Déarfaidh daoine] ansin, “Ó, a Thiarna Dia,nach mór a mheall tú sinn á rá:‘Beidh síocháin agaibh’,ar an uair féin atá an claíomh ag ár scornach!”

11. San am sin déarfarleis an bpobal seo agus le Iarúsailéim:“Séideann gaoth dhóiteach as na harda loma san fhásachar iníon mo phobail,agus ní do cháitheadh ná do ghlanadh í.

12. Tá gaoth [bhagartha] ag teacht ar m'ordú.Anois is mé féin atá ar tíbreithiúnas a thabhairt orthu!”

13. Féach, tá sé ag teannadh chun tosaigh ar nós na néalta,is cosúil le camghaoth a charbaid,is mire a eachra ná iolair,is mairg dúinn, táimid caillte!

14. Nigh do chroí ó urchóidionas go sábháilfear thú, a Iarúsailéim.Cá fhad a lonnfaidh i do chroí do smaointe mailíseacha?

15. Óir foilsíonn guth as Dán,ag faisnéis ainnise ó shléibhte Eafráim.

16. Fógair a theacht le Iúdá, abair é in Iarúsailéim:‘Tá [naimhde] ag teacht as an imigéin;ardaíonn siad a ngáir chatha in aghaidh bailte Iúdá.

17. Tá siad timpeall Iarúsailéim agus máguairdfearacht lucht coimhéadta goirt,de bhrí go raibh sí easumhal domsa - an Tiarna a labhraíonn.

18. Thug d'iompar féin agus do ghníomhartha na nithe seo ort.Is í seo do chinniúint, agus is searbh í.Cé mar a shroicheann sé do chroí istigh!”

19. Tá mé faoi chrá. Tá mé ag lúbarnaíl le pian.Á, ballaí mo chroí! - Tá mo chroí á shníomh.Ní fhéadaim gan labhairt, óir chuala méfuaim an stoic agus dreasú an chatha.

20. Níl de scéala ach anachain ar muin anachaine;déantar fásach den dúiche ar fad;scriostar mo bhothanna go tobann,mo dhídean, in imeacht nóiméid.

Irimia 4