4. Timpeallghearraigí sibh féin don Tiarna,bainigí díbh forchraiceann bhur gcroí,(a fheara Iúdá, agus a áitritheoirí Iarúsailéim),ar fhaitíos go léimfeadh m'fhearg amach ar nós tine,agus go loscfadh agus nach bhféadfadh aon duine í a mhúchadh,mar gheall ar olc bhur ngníomhartha.
5. Foilsígí é in Iúdá, fógraígí é in Iarúsailéim!Séidigí an stoc faoin tuaith,fógraígí os ard agus abraigí:‘Cruinnígí! teannaigí leis na bailte daingne!’
6. Déanaigí eolas an bhealaigh go Síón;teithigí, ná déanaigí moill!Tugaimse olc oraibh ón Tuaisceart,milleadh mór.
7. Tá an leon aníos óna dhoire,tá scriosadóir na gciníocha ar a shlí,tá sé tagtha óna bhailechun do fhearann a bhánú.Déanfar conamar de do bhailtegan duine ná deoraí iontu.