10. Ansin d'ordaigh an rí do Eibid Meilic an tAetóipeach: “Beir leat as seo triúr fear agus tarraing aníos Irimia fáidh as an tobar sula bhfaighe sé bás.”
11. Thug Eibid Meilic na fir leis agus chuaigh isteach sa phálás go dtí stóras an fheistis; rug leis as sin roinnt seanbhalcaisí a lig sé síos le rópaí go Irimia sa tobar.
12. Ansin dúirt Eibid Meilic, an tAetóipeach, le Irimia: “Is duitse na seanbhalcaisí seo, agus cuir i do ascaill iad faoi na rópaí.” Rinne Irimia sin.
13. Tharraing siad Irimia aníos le rópaí ansin agus thóg as an tobar é. Agus d'fhan Irimia i gCúirt an Gharda.
14. Chuir Zidicíá an rí fios agus rug sé chuige an fáidh Irimia don treas geata i dTeampall an Tiarna. “Teastaíonn focal leat uaim,” arsan rí le Irimia, “ná ceil aon ní orm.”