Irimia 38:1-4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ach chuala Seafaitiá mac Mhatán, Gadailiá mac Phaischiúr Iúcal mac Sealaimiá agus Paischiúr mac Mhailciá na briathra a bhí á rá ag Irimia leis an bpobal uile.

2. “Is mar seo a deir an Tiarna: ‘Cibé duine a fhanfaidh sa chathair seo éagfaidh sé leis an gclaíomh, leis an ngorta agus leis an bplá; ach cibé duine a fhágfaidh í agus a ghéillfidh do na Caildéigh mairfidh sé; tabharfaidh sé a anam leis.’

3. Is mar seo a deir an Tiarna: ‘Go deimhin tabharfar an chathair seo i láimh shlua rí na Bablóine agus gabhfar í.’ ”

4. Mar sin labhair na ceannairí seo leis an rí: “Cuirtear an fear seo chun báis; gan amhras lagaíonn sé lámha fuíoll lucht cosanta na cathrach, agus lámha an phobail uile freisin, ag labhairt leo ar an gcaoi seo. Ní hé leas an phobail seo a iarrann mo dhuine, ach a n‑aimhleas.”

Irimia 38