Irimia 37:4-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Anois bhí cead a chos fós ag Irimia i measc an phobail; níor cuireadh fós i bpríosún é.

5. Idir an dá linn thug slua Fhorainn an bóthar orthu as an Éigipt agus nuair a chuala na Caildéigh a bhí ag cur léigir ar Iarúsailéim an scéala d'imigh siad ón gcathair.

6. Ansin tháinig briathar an Tiarna chuig Irimia fáidh:

7. “Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Le rí Iúdá a chuir chugamsa thú le dul i gcomhairle liom, abair é seo: An bhfuil slua Fhorainn ag teacht i gcabhair oraibh? Fillfidh siad dá dtír féin, an Éigipt.

8. Tiocfaidh na Caildéigh arís, ionsóidh siad an chathair seo; tógfaidh siad í agus dófaidh go talamh í.

9. Ná meallaigí sibh féin á rá: Tá na Caildéigh ag imeacht uainn faoi dheireadh. Níl siad ag imeacht.

Irimia 37