2. Ach níor thug sé féin ná a mhuintir, ná pobal na tíre aon aird ar bhriathra an Tiarna a labhair sé tríd an bhfáidh Irimia.
3. Chuir an rí Zidicíá Iahucal mac Shealaimiá agus an sagart Zafainiá mac Mhásaeiá chun an fáidh Irimia, á rá: “Guigh chun an Tiarna ár nDia ar ár son.”
4. Anois bhí cead a chos fós ag Irimia i measc an phobail; níor cuireadh fós i bpríosún é.
5. Idir an dá linn thug slua Fhorainn an bóthar orthu as an Éigipt agus nuair a chuala na Caildéigh a bhí ag cur léigir ar Iarúsailéim an scéala d'imigh siad ón gcathair.
6. Ansin tháinig briathar an Tiarna chuig Irimia fáidh:
7. “Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Le rí Iúdá a chuir chugamsa thú le dul i gcomhairle liom, abair é seo: An bhfuil slua Fhorainn ag teacht i gcabhair oraibh? Fillfidh siad dá dtír féin, an Éigipt.
8. Tiocfaidh na Caildéigh arís, ionsóidh siad an chathair seo; tógfaidh siad í agus dófaidh go talamh í.