Irimia 36:2-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. “Tóg thusa scrolla agus scríobh ann na briathra uile dár labhair mise leat i dtaobh Iarúsailéim agus Iúdá agus an uile chine ón lá ar labhair mé i dtús leat go dtí inniu.

3. Nuair a chluinfidh teach Iosrael an uile olc atá ar intinn agam a dhéanamh dóibh, b'fhéidir go bhfillfidh gach uile dhuine óna drochshlí, agus ansin mhaithfinnse a n‑éigeart agus a bpeaca dóibh.”

4. Chuir Irimia fios ar Bharúch mac Néiria, agus scríobh Barúch, ó bhéal Irimia, gach briathar a labhair an Tiarna leis.

5. D'ordaigh Irimia ansin do Bharúch: “Ó táimse i bpríosún anseo ní féidir liom dul go Teampall an Tiarna;

6. ar an ábhar sin imigh thusa agus léigh as an scrolla a scríobh tú ó mo bhéalsa, briathra uile an Tiarna in éisteacht an phobail i dTeampall an Tiarna lá an troscaidh; léigh freisin iad in éisteacht mhuintir Iúdá uile a thagann as na bailte.

7. B'fhéidir go gcuirfeadh siad a n‑urnaithe i bhfianaise an Tiarna agus go bhfillfeadh gach aon díobh óna dhrochshlí, óir is mór é an díomá agus an fhearg a léirigh an Tiarna in aghaidh an phobail seo.”

8. Rinne Barúch mac Néiria mar a d'ordaigh Irimia fáidh dó, briathra uile an Tiarna a léamh as an scrolla i dTeampall an Tiarna.

9. Tharla sa chúigiú bliain de Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá, sa naoú mí gur fógraíodh troscadh i bhfianaise an Tiarna don phobal uile in Iarúsailéim agus don phobal uile a thiocfadh go Iarúsailéim ó bhailte Iúdá.

10. Léigh sé briathra Irimia as an scrolla; tharla seo i seomra Ghamairiá mhic Sheáfán, rúnaí, sa chúirt ab airde ag dul an Geata Nua isteach i dTeampall an Tiarna, in éisteacht an phobail uile.

11. Nuair a chuala Miocáia mac Ghamairiá, mac Sheáfán, briathra uile an Tiarna as an scrolla,

12. síos leis go pálás an rí agus isteach i seomra an rúnaí. Bhí na feidhmeannaigh uile ina suí ansin: Eilíseámá an runaí, Daláiá mac Sheamaiá, Ealnátán mac Acbór, Gamairiá mac Sheáfán, Zidicíá mac Hanainiá, agus na feidhmeannaigh eile go léir.

13. D'inis Miocáia dóibh na briathra uile dár chuala sé nuair a léigh Barúch an scrolla in éisteacht an phobail.

14. D'aontaigh na feidhmeannaigh ansin Iahúidí mac Natainiá agus Sealaimiá mac Chúisi a chur go Barúch á rá: “Tar, agus beir leat an scrolla a léigh tú in éisteacht an phobail.” Thóg Barúch mac Néiria an scrolla mar sin agus tháinig chucu.

15. “Suigh síos,” ar siad, “agus léigh amach dúinne é.” Léigh Barúch é mar sin dóibh.

16. Nuair a chuala siad na briathra uile tháinig scanradh ar gach fear acu agus ar siad: “Go deimhin ní mór dúinn na briathra seo uile a insint don rí.”

17. D'fhiafraigh siad ansin de Bharúch: “Inis dúinn,” ar siad, “conas a scríobh tú na briathra seo uile.”

18. “Dheachtaigh Irimia dom iad lena bhéal,” d'fhreagair Barúch, “agus scríobh mise le dúch iad sa scrolla seo.”

19. Ansin dúirt na feidhmeannaigh le Barúch: “Imigh, téigh i bhfolach, thusa agus Irimia; agus ná bíodh a fhios ag aon duine cén áit a mbeidh sibh.”

20. Leis sin amach leo go dtí an rí i gcúirt an pháláis tar éis an scrolla a chur i dtaisce i seomra Eilíseámá an rúnaí. Agus d'inis siad an scéal go léir don rí.

21. Chuir an rí Iahúidí faoi dhéin an scrolla agus rug seisean leis é as seomra Eilíseámá an rúnaí, agus léigh amach don rí é agus do na feidhmeannaigh uile agus iad ina seasamh timpeall an rí.

Irimia 36