Irimia 34:2-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. “Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Imigh agus labhair le Zidicíá, rí Iúdá. Inis é seo dó: Is mar seo a deir an Tiarna: Táim ag tabhairt na cathrach anois i lámha rí na Bablóine, agus dófaidh sé go talamh í.

3. Agus ní imeoidh tusa uaidh ach tógfar thú go deimhin agus cuirfear ina láimh thú. Feicfidh tú rí na Bablóine gnúis le gnúis agus labharfaidh tú leis béal ar bhéal. Rachaidh tú don Bhablóin.

4. Mar sin féin éist briathar an Tiarna, a Zidicíá, a rí Iúdá, agus ní mharófar leis an gclaíomh thú;

5. éagfaidh tú i síocháin. Agus faoi mar a loisceadh spíosraí do d'aithreacha, na ríthe a bhí romhat in anallód, is mar sin a loiscfidh siad spíosraí duitse agus a chaoinfidh siad thú: Mo léan, a mhórgacht! Dúirt mise é - is é an Tiarna a labhraíonn.’ ”

6. D'inis Irimia fáidh na briathra seo uile do Zidicíá rí Iúdá, in Iarúsailéim,

7. nuair a bhí slua rí na Bablóine ag ionsaí Iarúsailéim agus bailte Iúdá a sheas amach fós, mar atá Láicís agus Azaecá, a raibh fágtha de bhailte Iúdá gan géilleadh, mar bhí siad daingnithe.

8. An briathar a tháinig go Irimia ón Tiarna tar éis don rí Zidicíá conradh a dhéanamh leis an bpobal uile in Iarúsailéim maidir le saoirse a thabhairt dá sclábhaithe:

9. go ligfeadh gach uile dhuine a sclabhaithe uaidh, idir fhir agus mhná, má ba Eabhraigh iad, ionas nach gcoinneodh Giúdach ar bith a dheartháir i ndaoirse.

10. Na prionsaí uile agus an pobal uile a chuaigh sa chonradh go ligfeadh gach aon duine dá sclábhaithe, idir fhir agus mhná, imeacht uaidh, agus nach gcoinneodh ina sclábhaithe iad níos mó, d'aontaigh siad agus lig saor iad.

11. Ina dhiaidh sin, áfach, tháinig siad ar mhalairt aigne, thóg siad ar ais na sclábhaithe, idir fhir agus mhná, agus cuireadh faoi chuing arís mar sclábhaithe iad.

12. Mar sin tháinig briathar an Tiarna go Irimia:

13. “Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Rinne mé conradh le bhur n‑aithreacha nuair a thug mé amach as an Éigipt iad, as teach na daoirse; dúradh ann:

14. I gceann seacht mbliana ligeadh gach aon duine agaibh dá dheartháir Eabhrach, a díoladh libh, imeacht; tar éis sé bliana dó ina sclábhaí agat ligfidh tú dó imeacht saor uait. Ach níor éist bhur n‑aithreacha, ní thabharfaidís aird.

15. Anois, bhí intinn eile agaibh inniu agus rinne sibh an ceart i mo radharc, gach aon duine a fhógairt saoirse dá chomharsa; rinne sibh conradh i mo láthair sa Teampall a ghairtear i mo ainm.

16. Agus ansin tháinig sibh ar mhalairt aigne agus thruailligh sibh m'ainm; thóg gach aon duine agaibh a sclábhaithe ar ais, idir fhir agus mhná, a bhí ligthe saor agaibh ar a dtoil féin, á dtabhairt faoi dhaoirse agaibh arís.’

17. “Dá bhrí sin, is mar seo a deir an Tiarna: ‘Níor umhlaigh sibh domsa, gach duine saoirse a fhógairt dá dheartháir agus dá chomharsa. Tá go maith mar sin - is é an Tiarna a labhraíonn - fógraímse daoibhse saoirse chun an chlaímh, na plá agus chun an ghorta; déanfaidh mé díol uafáis díbh don uile ríocht ar domhan.

Irimia 34