1. An briathar a tháinig go Irimia nuair a bhí Nabúcadnazar agus a shlua uile agus ríochtaí an domhain uile faoina thiarnas agus an uile phobal ag cur cogaidh ar Iarúsailéim agus ar a bailte máguaird:
2. “Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Imigh agus labhair le Zidicíá, rí Iúdá. Inis é seo dó: Is mar seo a deir an Tiarna: Táim ag tabhairt na cathrach anois i lámha rí na Bablóine, agus dófaidh sé go talamh í.