Irimia 33:12-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Is mar seo a deir Tiarna na Slua: ‘San áit seo, san fhásach seo gan duine ná ainmhí agus ina bhailte uile, beidh tailte féaraigh arís, áit a gcuirfidh aoirí a dtréada ina luí.

13. I mbailte uile na nArdán, ar an Achréidh agus sa Neigib, i ndúiche Bhiniáimin, sna ceantair timpeall Iarúsailéim agus i mbailte Iúdá, imeoidh na tréada arís faoi lámha an té a áiríonn iad. Fógraíonn an Tiarna é.

14. Féach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - agus comhlíonfaidh mé an gheallúint a rinne mé do theach Iosrael agus do theach Iúdá:

15. Sna laethanta sin agus san am sincuirfidh mise d'fhiacha ar Bheangán fíréantafás suas do Dháiví,agus déanfaidh sé breithiúnas agus ceart sa tír.

16. Sábháilfear Iúdá sna laethanta sinagus mairfidh Iarúsailéim i ndóchas.Agus is é seo an t‑ainm a thabharfar ar an gcathair:An Tiarna Ár bhFíréantacht.’

17. “Óir is mar seo a deir an Tiarna: ‘Ní bheidh in easnamh ar Dháiví choíche sliochtach fireann a shuífidh i gcathaoir ríoga theach Iosrael.

18. Ní bheidh in easnamh ach an oiread ar shagairt na Léivíteach sliochtach fireann a sheasfaidh i mo láthairse a ofráil íobairte loiscthe, a loscadh abhlainne agus a ofráil íobairte gach lá.’ ”

19. Tháinig briathar an Tiarna go Irimia.

20. “Is mar seo a deir an Tiarna: ‘Dá bhféadfá mo chonradh lae a bhriseadh agus mo chonradh oíche ionas nach mbeadh lá ná oíche ina n‑am féin,

21. ansin d'fhéadfaí freisin mo chonradh le Dáiví mo shearbhónta a bhriseadh ionas nach mbeadh mac aige le rialú ina chathaoir ríoga, agus mar an gcéanna leis na sagairt Léivíteacha is searbhóntaí domsa.

Irimia 33