11. guth na lúcháire agus an ghairdeachais, glórtha an fhir nuaphósta agus na brídeoige, agus an dream a bheir íobairtí buíochais go Teampall an Tiarna ag gabháil foinn:Molaigí Tiarna na Slua,óir is maith é an Tiarna,óir maireann a bhuanghrá go brách.“Óir atógfaidh mé an tír seo mar an gcéad uair. Fógraíonn an Tiarna é!’
12. Is mar seo a deir Tiarna na Slua: ‘San áit seo, san fhásach seo gan duine ná ainmhí agus ina bhailte uile, beidh tailte féaraigh arís, áit a gcuirfidh aoirí a dtréada ina luí.
13. I mbailte uile na nArdán, ar an Achréidh agus sa Neigib, i ndúiche Bhiniáimin, sna ceantair timpeall Iarúsailéim agus i mbailte Iúdá, imeoidh na tréada arís faoi lámha an té a áiríonn iad. Fógraíonn an Tiarna é.
14. Féach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - agus comhlíonfaidh mé an gheallúint a rinne mé do theach Iosrael agus do theach Iúdá:
15. Sna laethanta sin agus san am sincuirfidh mise d'fhiacha ar Bheangán fíréantafás suas do Dháiví,agus déanfaidh sé breithiúnas agus ceart sa tír.
16. Sábháilfear Iúdá sna laethanta sinagus mairfidh Iarúsailéim i ndóchas.Agus is é seo an t‑ainm a thabharfar ar an gcathair:An Tiarna Ár bhFíréantacht.’
17. “Óir is mar seo a deir an Tiarna: ‘Ní bheidh in easnamh ar Dháiví choíche sliochtach fireann a shuífidh i gcathaoir ríoga theach Iosrael.
18. Ní bheidh in easnamh ach an oiread ar shagairt na Léivíteach sliochtach fireann a sheasfaidh i mo láthairse a ofráil íobairte loiscthe, a loscadh abhlainne agus a ofráil íobairte gach lá.’ ”
19. Tháinig briathar an Tiarna go Irimia.