Irimia 31:8-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Féach, tabharfaidh mé ar ais iadas an tír thuaidh,agus cruinneoidh mé iad ó na críocha in imigéin;iad go léir, an dall agus an bacach,an bhean torrach agus an bhean i dtinneas clainne;tiocfaidh siad ina gcuideachta mhór ag filleadh.

9. Is le gol a d'imigh siad,tabharfaidh mise sólás dóibh agus mé á dtreorú ar ais;déanfaidh mé eolas an bhóthair dóibh go srutháin uisce,slí dhíreach in áit nach bhfaighidh siad tuisle.Óir táim i m'athair ag Iosrael,agus is é Eafráim mo chéadghin mic.

10. Éistigí briathar an Tiarna, sibhse a chiníocha!Insígí é seo do na hoileáin in imigéin:‘An té a scaip Iosrael, cruinneoidh sé é,cumhdóidh sé é mar a dhéanann aoire a thréad.’

11. Óir d'fhuascail an Tiarna Iacób,thug slán é as láimh a bhí ní ba láidre ná é.

12. Tiocfaidh siad agus canfaidh ar mhullach Shíón;baileoidh siad in éineacht chun maitheasaí an Tiarna:cruithneacht agus ola agus fíon,caoirigh agus eallach;beidh a n‑anamacha mar a bheadh garraí uiscithe;ní dhéanfaidh siad brón níos mó.

13. Is ansin a ghairdeoidh an mhaighdean sa rince,déanfaidh ógánaigh agus seanóirí [meidhir];fillfidh mise a ndobrón i ngairdeachas;tabharfaidh mé sólás agus faoiseamh ar lorg a ndólás;

14. sásóidh mé mo shagairt le bia blasta,agus beidh mo dhaoine sách le mo mhaitheas- an Tiarna a labhraíonn.

15. Is mar seo a deir an Tiarna:Cluineadh guth i Rámá,caoineadh agus gol géar;is í Ráchael í ag caoineadh a clainnemar nach bhfuil siad ann.

Irimia 31