Irimia 31:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. “Nuair a thiocfaidh an t‑am sin - a deir an Tiarna - beidh mise i mo Dhia ag clanna uile Iosrael: beidh siadsan ina bpobal agamsa.”

2. “Seo mar a deir an Tiarna:Fuair siad maithiúnas san fhásach,na daoine a chuaigh slán ón gclaíomh.Tá Iosrael ag tarraingt ar a scíth.

3. Nocht an Tiarna [dó], ó i bhfad i gcéin:ghráigh mé thú le grá síoraí,ar an ábhar sin is dochaite mo ghean ort.

4. Tógfaidh mé thú an athuair agus atógfar thú,a mhaighdean Iosrael.Beidh tú sciamhach arís,agus déanfaidh tú meidhir sa rincele do chuid tiompán.

5. Plandóidh tú fós fíonghoirtar shléibhte na Samáire(tá an phlandáil déanta ag lucht plandála;cnuasfaidh siad na torthaí).

6. Sea, tiocfaidh an lá a bhfógróidh an lucht fairear shléibhte Eafráim:‘Éirígí! téimis suas go Síón,chun an Tiarna, ár nDia féin.’

7. Óir seo mar a deir an Tiarna:Scairtigí le lúcháir ar son Iacóib!Tógaigí gártha do cheann na náisiún!Fógraígí! Molaigí! Gáirigí:‘Shábháil an Tiarna a phobal, fuíoll Iosrael!’

8. Féach, tabharfaidh mé ar ais iadas an tír thuaidh,agus cruinneoidh mé iad ó na críocha in imigéin;iad go léir, an dall agus an bacach,an bhean torrach agus an bhean i dtinneas clainne;tiocfaidh siad ina gcuideachta mhór ag filleadh.

9. Is le gol a d'imigh siad,tabharfaidh mise sólás dóibh agus mé á dtreorú ar ais;déanfaidh mé eolas an bhóthair dóibh go srutháin uisce,slí dhíreach in áit nach bhfaighidh siad tuisle.Óir táim i m'athair ag Iosrael,agus is é Eafráim mo chéadghin mic.

Irimia 31