2. “Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Na briathra uile a labhair mé leat, scríobh i leabhar iad.
3. Óir féach tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - ina gcuirfidh mé an rath arís ar mo phobal Iosrael (agus Iúdá), a deir an Tiarna, agus tabharfaidh mé orthu filleadh ar an tír a thug mé dá sinsir, agus sealbhóidh siad í.’ ”
4. Is iad seo na briathra a labhair an Tiarna i dtaobh Iosrael (agus Iúdá):
5. “Is mar seo a deir an Tiarna: chuala [mé] guth criothnaithe,guth eagla, agus ní guth síochána é.
6. Fiafraígí anois, meabhraígí:an mbíonn fir ag breith clainne?Cad chuige a bhfeicim gach fear mar sinagus a lámha ar a leasracha mar bheadh bean in íona?Cad chuige ar tháinig dath bán ar gach aghaidh?
7. Go deimhin is mór an lá é seo,ionas nach bhfuil aon lá cosúil leis;is í uair bhuartha Iacóib í;ach sábhálfar aisti é.
8. “Ar an lá sin - Tiarna na Slua a labhraíonn - brisfidh mise an chuing dá muiníl, agus scaoilfidh mé a gcuibhreacha. Ní dhéanfaidh siad fónamh níos mó do choimhthíocha.
9. Ach déanfaidh don Tiarna a nDia, agus do Dháiví a rí a thógfaidh mise suas dóibh.
10. Mar sin, ná bíodh eagla ort,a shearbhónta liom, a Iacóib,- an Tiarna a labhraíonn -Ná bíodh scanradh ort, a Iosrael:féach, sábhálfaidh mise thú as tíortha i gcéin,agus do shliocht as tír a ndaoirse.Beidh Iacób arís i suaimhneasagus mairfidh go sóúil;ní chuirfidh aon duine eagla air.
11. Óir táimse in éineacht leat, do do shábháil.Cuirfidh mé deireadh leis na ciníocha uilemar ar scaip mé thú;ní chuirfidh mé críochnú ortsa,ach smachtóidh mé thú go measartha,le nach bhfágfaidh mé ar fad gan pianadh thú.
12. Sea, is mar seo a deir an Tiarna:Tá do chneá doleigheasta,tá do lot gan cneasú.
13. Níl aon duine chun aire a thabhairt do do chréachtaí,níl luibh ná leigheas i ndán duit.
14. Rinne d'aos grá uile dearmad díot,ní iarrann siad níos mó thú.Sea, bhuail mé le buille namhad thú,buille neamhthrócaireach(mar gheall ar mhéid do chiontachtaagus ar iomadúlacht do pheacaí).