Irimia 30:19-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Tiocfaidh astu amach buíochasagus glórtha daoine a dhéanann lúcháir.Déanfaidh mé líonmhar iad,agus ní bheidh laghdú orthu;déanfaidh mé glórmhar iad,agus ní bheidh siad faoi dhímheas.

20. Beidh a gclann mhac mar a bhí siad féin anallód,beidh a gcomhthionól go daingean i mo láthair,agus smachtóidh mé lucht leatroim orthu.

21. Is duine díobh féin a bheidh ina phrionsa orthu,as a muintir féin a thiocfaidh a rialtóir.Ligfidh mise dó teacht i mo láthairagus féadfaidh sé teacht i ngar dom;go deimhin, cé eile a chuirfeadh a anam i gcontúirtagus teacht i ngar domsa? - an Tiarna a labhraíonn.

22. Agus beidh sibhse in bhur bpobal agamsa,agus beidh mise i mo Dhia agaibhse.”

23. Anois éiríonn anfa an Tiarna, séideann an stoirm ghaoithe,briseann sí ar cheann na ndrochdhaoine;

24. ní fhillfidh fearg an Tiarna go gcuire sé i gcríchagus go gcomhlíona comhairle a chroí.Tuigfidh sibh é seo sna laethanta atá ag teacht.

Irimia 30