Irimia 3:8-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Chonaic freisin gur mar gheall ar an uile adhaltranas a bhí déanta ag Iosrael mhídhílis a chuir mise uaim í agus thug scríbhinn dealaithe di. Níor ghabh eagla a deirfiur fhealltach Iúdá, áfach, ach d'imigh sise freisin agus d'imir an striapach.

9. Bhí a striapachas chomh mínáireach sin gur thruailligh sí an talamh as a dheireadh; rinne adhaltranas le clocha agus le smutáin adhmaid.

10. Níos measa ná seo uile: níor fhill a deirfiúr fhealltach Iúdá orm ó chroí ach go bréagach - is é an Tiarna a labhraíonn.”

11. Agus dúirt an Tiarna liom: “Is mó d'fhíréan Iosrael mhídhílis ná Iúdá fhealltach.

12. Éirigh, mar sin, agus fógair na briathra seo leis an taobh ó thuaidh:Fill, a Iosrael mhídhílis - is é an Tiarna a labhraíonn.Ní bheidh strainc orm leat feasta,óir táim trócaireach - is é an Tiarna a labhraíonn.Ní choinneoidh mé mo racht go síoraí.

13. Ach amháin admhaigh do chionta:an chaoi ar éirigh tú in aghaidh an Tiarna do Dhiagur imigh ag spallaíocht le strainséiríagus nár umhlaigh do mo ghuthsa - is é an Tiarna a labhraíonn.

14. “Filligí a chlann mhídhílis - is é an Tiarna a labhraíonn - óir is mise amháin bhur máistir. Glacfaidh mé duine as cathair, beirt as clann agus tabharfaidh mé sibh go Síón.

15. Tabharfaidh mé aoirí daoibh de réir mo chroí a bheathóidh sibh le heolas agus le tuigse.

16. Agus nuair a líonfar agus a mhéadófar sibh sa tír, ansin - an Tiarna a labhraíonn - ní déarfaidh aon duine arís go deo: ‘Áirc chonradh an Tiarna’, ná ní bheidh smaoineamh uirthi ná cuimhne, ní bheidh caitheamh ina diaidh ná ní dhéanfar arís í.

17. Nuair a thiocfaidh an t‑am sin gairfear de Iarúsailéim: ‘Ríchathaoir an Tiarna’; cruinneoidh na ciníocha uile chuici in ainm an Tiarna, agus ní shiúlfaidh siad níos mó de réir spreagadh a ndroch-chroí féin.

18. Sna laethanta sin aontófar teach Iúdá le teach Iosrael; tiocfaidh siad in éineacht as tír an Tuaiscirt go dtí an dúiche a thug mise ina oidhreacht do bhur n‑aithreacha.

19. Agus bhí mé ag ceapadh:Cé mar ba mhaith liom thusa a áireamh ar mo chlann mhac,agus go dtabharfainn duit dúiche aoibhinn,an oidhreacht is deise ar na ciníocha uile.Cheap mé go dtabharfása orm: rí Athair liom,agus nach n‑imeofá go deo ó mo lorg.

Irimia 3