Irimia 3:5-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. An leanfaidh sé dá fhearg go brách,an gcoinneoidh sé an racht go deireadh?’Sin a dúirt tú, ach ina dhiaidh sin níor scoir túden pheacú, bhí tú chomh ceanndána sin.”

6. Dúirt an Tiarna liomsa i laethanta Ióisíá an rí: “An bhfaca tú céard a rinne Iosrael mhídhílis, cé mar chuaigh sí suas ar gach aon sliabh ard agus faoi gach aon chrann glas, agus d'imir ansin an striapach?

7. Cheap mise: ‘Tar éis di seo uile a dhéanamh fillfidh sí ormsa.’ Ach níor fhill. Chonaic a deirfiúr fhealltach Iúdá é seo.

8. Chonaic freisin gur mar gheall ar an uile adhaltranas a bhí déanta ag Iosrael mhídhílis a chuir mise uaim í agus thug scríbhinn dealaithe di. Níor ghabh eagla a deirfiur fhealltach Iúdá, áfach, ach d'imigh sise freisin agus d'imir an striapach.

9. Bhí a striapachas chomh mínáireach sin gur thruailligh sí an talamh as a dheireadh; rinne adhaltranas le clocha agus le smutáin adhmaid.

10. Níos measa ná seo uile: níor fhill a deirfiúr fhealltach Iúdá orm ó chroí ach go bréagach - is é an Tiarna a labhraíonn.”

11. Agus dúirt an Tiarna liom: “Is mó d'fhíréan Iosrael mhídhílis ná Iúdá fhealltach.

12. Éirigh, mar sin, agus fógair na briathra seo leis an taobh ó thuaidh:Fill, a Iosrael mhídhílis - is é an Tiarna a labhraíonn.Ní bheidh strainc orm leat feasta,óir táim trócaireach - is é an Tiarna a labhraíonn.Ní choinneoidh mé mo racht go síoraí.

13. Ach amháin admhaigh do chionta:an chaoi ar éirigh tú in aghaidh an Tiarna do Dhiagur imigh ag spallaíocht le strainséiríagus nár umhlaigh do mo ghuthsa - is é an Tiarna a labhraíonn.

14. “Filligí a chlann mhídhílis - is é an Tiarna a labhraíonn - óir is mise amháin bhur máistir. Glacfaidh mé duine as cathair, beirt as clann agus tabharfaidh mé sibh go Síón.

15. Tabharfaidh mé aoirí daoibh de réir mo chroí a bheathóidh sibh le heolas agus le tuigse.

16. Agus nuair a líonfar agus a mhéadófar sibh sa tír, ansin - an Tiarna a labhraíonn - ní déarfaidh aon duine arís go deo: ‘Áirc chonradh an Tiarna’, ná ní bheidh smaoineamh uirthi ná cuimhne, ní bheidh caitheamh ina diaidh ná ní dhéanfar arís í.

Irimia 3