Irimia 29:27-32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

27. Ós amhlaidh atá, cad chuige nár smachtaigh tú Irimia ó Anatót a dhéanann fáidh de féin daoibhse?

28. Óir faoi scáth an chur i gcéill seo sheol sé teachtaireacht chugainne sa Bhablóin á rá: ‘Is fada an daoirse seo. Tógaigí tithe, déanaigí cónaí iontu, cuirigí garraithe agus ithigí a dtorthaí.’ ”

29. Léigh Zafainiá sagart an litir seo os ard do Irimia fáidh.

30. Ach tháinig briathar an Tiarna go Irimia:

31. “Cuir an teachtaireacht seo chun na ndeoraithe uile: ‘Is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh Sheamaiá ó Nihealám: De bhrí gur thairngir Seamaiá daoibhse agus nach mise a chuir uaim é, agus mar gur thug sé oraibh dóchas a chur anois i mbréag,

32. ar an ábhar sin - a deir an Tiarna - gearrfaidh mé pionós ar Sheamaiá ó Nihealám agus ar a shliocht ina dhiaidh; fireannach amháin dá chlann ní mhairfidh beo i measc na ndaoine seo le go bhfeicfeadh an mhaith a dhéanfaidh mé ar mo phobal - an Tiarna a labhraíonn - de bhrí gur theagaisc sé iompú ón Tiarna.’ ”

Irimia 29