1. An bhliain chéanna sin, i dtús réim Zidicíá mhic Ióisíá, rí Iúdá, an cúigiú mí den cheathrú bliain labhair Hanainiá fáidh, mac Azúr, as Gibeón, mar leanas le [Irimia] i dTeampall an Tiarna i láthair na sagart agus an phobail uile:
2. “Seo mar a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Tá cuing rí na Bablóine briste agam.
3. Taobh istigh de dhá bhliain tabharfaidh mé liom ar ais chuig an áit seo soithí uile Theampall an Tiarna a rug Nabúcadnazar rí na Bablóine leis as an áit seo agus a d'iompair sé chuig an mBablóin.
4. Tabharfaidh mé ar ais freisin Iacoiniá mac Iahóiácaím, rí Iúdá, agus deoraithe uile Iúdá a chuaigh chuig an mBablóin - an Tiarna a labhraíonn. Sea, brisfidh mé cuing rí na Bablóine.’ ”
5. Ansin thug Irimia fáidh freagra ar an bhfáidh Hanainiá i bhfianaise na sagart agus an phobail uile a bhí i dTeampall an Tiarna.
6. “Bíodh sé amhlaidh,” a dúirt Irimia fáidh. “Go gcomhlíona an Tiarna an tairngreacht a rinne tú, soithí Theampall an Tiarna agus na deoraithe uile a thabhairt ar ais ón mBablóin go dtí an áit seo.
7. Ach éist anois leis an bhfocal seo a déarfaidh mise i do chluasa agus i gcluasa an phobail uile.
8. Na fáithe a bhí ann romhamsa agus romhatsa anallód, rinne siad tairngreacht faoi chogadh, faoi ghorta, faoi phlá, in aghaidh mórán tíortha agus in aghaidh ríochtaí móra;
9. ach an fáidh a thairngríonn síocháin, aithneofar gurb é an Tiarna go fírinneach a chuir uaidh é nuair a thiocfaidh briathra an fháidh i gcrích.”