Irimia 28:1-2 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. An bhliain chéanna sin, i dtús réim Zidicíá mhic Ióisíá, rí Iúdá, an cúigiú mí den cheathrú bliain labhair Hanainiá fáidh, mac Azúr, as Gibeón, mar leanas le [Irimia] i dTeampall an Tiarna i láthair na sagart agus an phobail uile:

2. “Seo mar a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Tá cuing rí na Bablóine briste agam.

Irimia 28