6. Tá na tíortha seo uile tugtha agam faoi láthair i láimh Nabúcadnazar rí na Bablóine, mo sheirbhíseach; thug mé dhó fiú na beithígh allta le fónamh dó.
7. Beidh na ciníocha uile umhal dó féin, dá mhac agus do mhac a mhic, nó go dtaga am cinnte a thíre féin ar a seal agus go gcuirfidh náisiúin chumhachtacha agus ríthe móra é féin i ndaoirse.
8. Cibé cine nó ríocht nach ngéillfidh do Nabúcadnazar rí na Bablóine, agus nach gcromfaidh a muineál faoi chuing rí na Bablóine, smachtóidh mise an cine sin leis an gclaíomh, leis an ngorta, leis an bplá - a deir an Tiarna - go dtuga mé ina láimh é.
9. Mar sin, ná héistigí le bhur bhfáithe, le bhur n‑asarlaithe, le bhur bhfísithe, ná le bhur ndraoithe, ná le bhur ngreasadóiri a deir libh: Ní bheidh sibh faoi smacht rí na Bablóine.
10. Is fáidheoireacht bhréige a dhéanann siad daoibh, agus dá bharrsan tógfar ó bhur ndúiche sibh, díbreoidh mise sibh agus caillfear sibh.
11. An cine, áfach, a chromann a mhuineál faoi chuing rí na Bablóine agus a dhéanann fónamh dó, fágfaidh mé faoi shíocháin iad ina dtír féin - a deir an Tiarna - saothróidh siad í agus fanfaidh siad ann.’ ”
12. Labhair mé mar an gcéanna le Zidicíá rí Iúdá: “Tugaigí bhur muiníl,” dúirt mé leis, “faoi chuing rí na Bablóine; géilligí dó féin agus dá mhuintir agus mairfidh sibh.
13. Cad chuige a n‑éagfadh sibh, tú féin agus do mhuintir, leis an gclaíomh, leis an ngorta, leis an bplá a bhagair an Tiarna ar an gcine nach ngéillfidh do rí na Bablóine?
14. Ná héistigí le briathra na bhfáithe a deir libh: ‘Ní bheidh sibh faoi smacht rí na Bablóine.’ Is fáidheoireacht bhréige a dhéanann siad daoibh.
15. Óir ní mise a chuir uaim iad - a deir an Tiarna - tairngríonn siad bréaga i m'ainm. Dá bharr sin díbreoidh mise sibh, caillfear sibh féin agus mar an gcéanna na fáithe a thairngríonn daoibh.”