8. Nuair a bhí gach rud ráite ag Irimia a d'ordaigh an Tiarna dó a rá leis an bpobal uile, rug na sagairt agus na fáithe air agus dúirt siad: “Go deimhin cuirfear chun báis thú.
9. Cad chuige ar thairngir tú in ainm an Tiarna á rá: ‘Beidh an Teampall seo cosúil le Sileo, agus beidh an chathair seo uaigneach agus gan áitreabhach’?” Agus bhí an pobal uile ag plódú thart ar Irimia i dTeampall an Tiarna.
10. Nuair a chuala feidhmeannaigh Iúdá é seo tháinig siad aníos ó phálás an rí go dtí Teampall an Tiarna agus shuigh síos i mbéal Gheata Nua Theampall an Tiarna.
11. Ansin labhair na sagairt agus na fáithe leis na feidhmeannaigh agus leis an bpobal uile: “Tá breithiúnas báis tuillte ag an bhfear seo, óir thairngir sé in aghaidh na cathrach seo mar a chuala sibh le bhur gcluasa féin.”
12. Ach thug Irimia freagra ar na feidhmeannaigh agus ar an bpobal uile mar seo: “Chuir an Tiarna féin mise a fháidheoireacht na mbriathra uile a chuala sibh in aghaidh an Teampaill seo agus in aghaidh na cathrach seo.
13. Mar sin leasaigí bhur n‑iompar agus bhur ngníomhartha; umhlaígí do ghuth an Tiarna bhur nDia; má dhéanann sibh sin, beidh aithreachas air agus, an t‑olc a d'fhógair sé in bhur n‑aghaidh, ní dhéanfaidh sé é.
14. Maidir liomsa, féach, táim in bhur lámha. Déanaigí liom mar is maith agus is cóir libh.
15. Ach bíodh a fhios agaibh seo go dearfa, má chuireann sibh chun báis mé, go dtabharfaidh sibh go deimhin fuil neamhchiontach oraibh féin, ar an gcathair seo agus ar a muintir, óir go fírinneach sheol an Tiarna mise chugaibh a labhairt na mbriathra seo uile in bhur gcluasa.”
16. Ansin dúirt na feidhmeannaigh agus an pobal uile leis na sagairt agus na fáithe: “Ní cóir an fear seo a chur chun báis, óir labhair sé linn in ainm an Tiarna, ár nDia.”
17. D'éirigh roinnt de sheanóirí na tíre ina seasamh agus labhair siad le hoireachtas uile an phobail.
18. “Thairngir Míocá an Móirisiteach i laethanta Hiziciá rí Iúdá,” a dúirt siad, “agus ba é a dúirt sé le muintir uile Iúdá: ‘Mar seo a deir an Tiarna:Déanfar fearann treafa de Shíón,agus carnán bruscair de Iarúsailéim,beidh cnoc an Teampaill ina ardán coillteach.’