Irimia 25:2-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. D'fhógair an fáidh Irimia é i láthair phobal uile Iúdá agus i láthair mhuintir Iarúsailéim uile:

3. “Le trí bliana agus fiche, ón treas bliain déag de réimeas Ióisíá mac Ámón, rí Iúdá, go dtí inniu, tháinig briathar an Tiarna chugamsa agus labhair mé libhse gan scor (ach níor éist sibh.

4. Agus chuir an Tiarna chugaibh gan scor a sheirbhísigh uile na fáithe, ach níor éist sibh, ná níor thug sibh aird).

5. Ba é a dúirt siad: ‘Filligí gach aon agaibh óna dhrochshlí, agus ó olc bhur ngníomhartha, agus fanfaidh sibh ar an talamh a thug an Tiarna anallód daoibh féin agus do bhur n‑aithreacha le saol na saol.

6. (Agus ná himígí i ndiaidh déithe eile d'fhónamh dóibh agus á n‑adhradh; ná brostaigí mise chun feirge le hoibreacha bhur lámh féin; agus ní dhéanfaidh mé dochar daoibh.’)

7. Ach níor éist sibh liom (- an Tiarna a labhraíonn - agus bhrostaigh sibh anois mé chun feirge le hoibreacha bhur lámh, chun bhur ndochair féin).

8. Ar an ábhar sin, is mar seo a deir Tiarna na Slua, de bhrí nár éist sibh le mo bhriathar,

9. cuirfidh mé fios anois ar chlann uile an tuaiscirt (an Tiarna a labhraíonn - ag tagairt do Nabúcadnazar rí na Bablóine, mo sheirbhíseach) agus tabharfaidh mé anuas ar an tír seo iad agus ar a háitritheoirí (agus ar na ciníocha seo uile máguaird); scriosfaidh mé iad agus déanfaidh mé uafás díobh, agus scige agus náire shíoraí.

10. “Tógfaidh mé uathu gáir an tsúgartha agus na meidhre, gártha an fhir nuaphósta agus na brídeoige, tormán na brón muilinn agus solas an lóchrainn.

11. Scriosfar an tír ar fad agus beidh sí ina fásach, fad a fhanfaidh siad ina sclábhaithe i measc na gciníocha go ceann seachtó bliain.

12. (Ach nuair a bheidh an seachtó bliain istigh, gearrfaidh mé pionós ar rí na Bablóine agus ar an gcine sin - an Tiarna a labhraíonn - san éigeart a rinne siad, agus pionós ar thír na gCaildéach freisin, agus déanfaidh mé fásach síoraí di.)

13. Tabharfaidh mé ar an tír sin na briathra go léir a labhair mé ina haghaidh, an uile ní dá bhfuil scríofa sa leabhar seo.”

Irimia 25