Irimia 25:16-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. ólaidís agus luascaidís agus bídís ar mearbhall mar gheall ar an gclaíomh a chuirfidh mé ina measc.”

17. Ghlac mise an cupán as láimh an Tiarna agus thug mé ar na ciníocha uile chuig ar chuir an Tiarna mé, a ól,

18. (Iarúsailéim agus bailte Iúdá, a ríthe siúd agus a bprionsaí a dhéanamh fásaigh agus uafáis díobh, agus magaidh agus mallaithe mar atá inniu);

19. Forann rí na hÉigipte, mar aon lena sheirbhísigh, a uaisle agus a dhaoine uile.

20. Na heachtrannaigh uile lena gcois (ríthe uile thír Úz); ríthe uile thír na bhFilistíneach, Aiscileon, Gazá, Eacrón agus fuílleach Aisdeod,

21. Eadóm, Móáb, agus clann Ámón;

22. ríthe uile Thuíre, ríthe uile Shíodón, agus ríthe na n‑insí taobh thall d'fharraige,

23. Déadán, Téamá, agus Búz, agus na Bearracháin uile,

24. ríthe uile na hAráibe a chónaíonn san fhásach,

25. (ríthe uile Zimrí) agus ríthe uile Éalám, agus ríthe uile Méide,

26. ríthe uile an tuaiscirt i bhfogas agus i gcéin, ceann ar cheann; agus na ríochtaí uile atá ar chlár na talún. (Maidir le rí Shéiseac, ólfaidh seisean ar deireadh.)

27. “Déarfaidh tú leo: ‘Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Ólaigí! Bígí ar meisce! Sceithigí! Titigí, agus ná héirigí níos mó, de bharr an chlaímh atáim a chur in bhur measc.’

28. Má dhiúltaíonn siad an cupán a ghlacadh as do láimh agus a ól, déarfaidh tú é seo leo: ‘Is mar seo a deir Tiarna na Slua: Is éigean daoibh ól!

29. Ó tá mé ag tosú ar olc a thabhairt ar an gcathair ar a dtugtar m'ainm, an dóigh libh go rachaidh sibhse gan smachtú? Go deimhin ní rachaidh, óir ansin glaofaidh mé ar chlaíomh in aghaidh áitritheoirí uile na talún - Tiarna na Slua a labhraíonn.’

Irimia 25