Irimia 25:14-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. An rud a thairngir Irimia in aghaidh na gciníocha uile. (“Óir cuirfear iad seo i ndaoirse; mar an gcéanna do chiníocha cumhachtacha agus do ríthe móra, agus cúiteoidh mise leo de réir a ngníomhartha agus de réir oibreacha a lámh féin.”)

15. Is mar seo a labhair an Tiarna, Dia Iosrael, liomsa: “Glac an cupán fíona seo as mo láimh agus tabhair ar an uile chine chuig a gcuirfidh mise thú, ól as;

16. ólaidís agus luascaidís agus bídís ar mearbhall mar gheall ar an gclaíomh a chuirfidh mé ina measc.”

17. Ghlac mise an cupán as láimh an Tiarna agus thug mé ar na ciníocha uile chuig ar chuir an Tiarna mé, a ól,

18. (Iarúsailéim agus bailte Iúdá, a ríthe siúd agus a bprionsaí a dhéanamh fásaigh agus uafáis díobh, agus magaidh agus mallaithe mar atá inniu);

19. Forann rí na hÉigipte, mar aon lena sheirbhísigh, a uaisle agus a dhaoine uile.

20. Na heachtrannaigh uile lena gcois (ríthe uile thír Úz); ríthe uile thír na bhFilistíneach, Aiscileon, Gazá, Eacrón agus fuílleach Aisdeod,

21. Eadóm, Móáb, agus clann Ámón;

22. ríthe uile Thuíre, ríthe uile Shíodón, agus ríthe na n‑insí taobh thall d'fharraige,

23. Déadán, Téamá, agus Búz, agus na Bearracháin uile,

24. ríthe uile na hAráibe a chónaíonn san fhásach,

25. (ríthe uile Zimrí) agus ríthe uile Éalám, agus ríthe uile Méide,

26. ríthe uile an tuaiscirt i bhfogas agus i gcéin, ceann ar cheann; agus na ríochtaí uile atá ar chlár na talún. (Maidir le rí Shéiseac, ólfaidh seisean ar deireadh.)

Irimia 25