Irimia 23:24-40 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

24. An bhféadann aon duine é féin a fholach i gcúinne dorchaagus nach bhfeicfidh mise é? - an Tiarna a labhraíonn.Nach líonann mise neamh agus talamh? - an Tiarna a labhraíonn.

25. “Chuala mé céard a dúirt na fáithe a thairngreann i m'ainmse. ‘Rinneadh brionglóid dom,’ a deir siad, ‘rinneadh brionglóid dom!’

26. Cá fhad a bheidh seo i gcroíthe na bhfáithe a thairngreann bréaga, fáistine a thabhairt ar chealga a gcroí féin?

27. Síleann siad a thabhairt ar mo phobal m'ainm a dhearmad leis na haislingí a insíonn siad dá chéile, díreach mar a dhearmaid a n‑aithreacha m'ainm ar son Bhál.

28. “An fáidh ag a mbíonn aisling, insíodh sé gur leis féin a aisling! Agus an té ag a bhfuil mo bhriatharsa, labhraíodh sé go beacht é!Céard é baint na cátha leis an gcruithneacht?- an Tiarna a labhraíonn.

29. Nach ndónn mo bhriatharsa ar nós tine- an Tiarna a labhraíonn -nach cosúil é le hord a bhriseann an charraig ina smidiríní?

30. “Mar sin, féach, táimse in aghaidh na bhfáithe - an Tiarna a labhraíonn - a ghoideann mo bhriathra óna chéile.

31. Táimse in aghaidh na bhfáithe - an Tiarna a labhraíonn - nach lia corraí teanga astu ná tairngreacht.

32. Táimse in aghaidh na bhfáithe a dhéanann tairngreachtaí as brionglóidí bréagacha - an Tiarna a labhraíonn - a insíonn iad, agus a thugann ar mo phobal seachránú lena mbréaga agus lena gcur i gcéill. Ní mise go cinnte a chuir uaim iad ná a thug aon ordú dóibh, agus ní aon tairbhe don phobal seo iad - an Tiarna a labhraíonn.

33. “Agus nuair a fhiafróidh na daoine seo, fáidh nó sagart, díotsa: ‘Céard é ualach an Tiarna?’ déarfaidh tú leis: ‘Tusa, is tusa ualach an Tiarna; is ea, tusa, agus cuirfidh mé díom thú! an Tiarna a labhraíonn.’

34. “Agus an fáidh, sagart, nó aon duine eile a déarfaidh: ‘Ualach an Tiarna’, gearrfaidh mise pionós ar an bhfear sin, agus ar a theaghlach freisin.

35. Is mar seo ba cheart daoibh labhairt, gach uile dhuine lena chomharsa agus gach aon lena dheartháir: ‘Céard a d'fhreagair an Tiarna?’ nó ‘Céard a dúirt an Tiarna?’

36. Ach ná leanaigí oraibh á rá: ‘Ualach an Tiarna’, nó is ualach a bheidh ann cinnte don té a deir é, mar claonann sibh briathra Dé bheo, Tiarna na Slua, ár nDia.

37. Is mar seo a déarfaidh tú leis an bhfáidh: ‘Cén freagra a thug an Tiarna?’ nó: ‘Céard a dúirt an Tiarna?’

38. Ach má deir tú: ‘Ualach an Tiarna’, is ansin a deir an Tiarna: ‘De bhrí go n‑abrann tú na focail seo: Ualach an Tiarna; agus gur chros mise oraibh a rá: Ualach an Tiarna;

39. mar sin tógfaidh mise suas sibh féin, agus an chathair a thug mé daoibh agus do bhur sinsir, agus caithfidh mé as mo radharc sibh.

40. Tabharfaidh mé oraibh scannal síoraí agus náire bhuan dhodhearmadta.’ ”

Irimia 23