19. Anois éiríonn anfa an Tiarna,séideann an stoirm ghaoithe,briseann sí ar cheann na ndrochdhaoine;
20. ní fhillfidh fearg an Tiarna go gcríochnaí,agus go gcomhlíona sé comhairle a chroí.Tuigfidh sibh é sin go soiléir sna laethanta atá ag teacht.
21. “Ní mise a sheol na fáithe seo uaim,ina dhiaidh sin bíonn siad ag rith;ní leo a labhair mé;ina dhiaidh sin bíonn siad ag tairngreacht.
22. An raibh siad i láthair ag mo chomhairle?Má bhí, fógraídís mo bhriathra do mo phobal,agus tabhraidís orthu filleadh óna slí urchóideachagus ó olc a ngníomhartha.
23. An Dia i ngar mise - an Tiarna a labhraíonn -agus nach Dia mé i bhfad uait?
24. An bhféadann aon duine é féin a fholach i gcúinne dorchaagus nach bhfeicfidh mise é? - an Tiarna a labhraíonn.Nach líonann mise neamh agus talamh? - an Tiarna a labhraíonn.
25. “Chuala mé céard a dúirt na fáithe a thairngreann i m'ainmse. ‘Rinneadh brionglóid dom,’ a deir siad, ‘rinneadh brionglóid dom!’
26. Cá fhad a bheidh seo i gcroíthe na bhfáithe a thairngreann bréaga, fáistine a thabhairt ar chealga a gcroí féin?
27. Síleann siad a thabhairt ar mo phobal m'ainm a dhearmad leis na haislingí a insíonn siad dá chéile, díreach mar a dhearmaid a n‑aithreacha m'ainm ar son Bhál.
28. “An fáidh ag a mbíonn aisling, insíodh sé gur leis féin a aisling! Agus an té ag a bhfuil mo bhriatharsa, labhraíodh sé go beacht é!Céard é baint na cátha leis an gcruithneacht?- an Tiarna a labhraíonn.
29. Nach ndónn mo bhriatharsa ar nós tine- an Tiarna a labhraíonn -nach cosúil é le hord a bhriseann an charraig ina smidiríní?
30. “Mar sin, féach, táimse in aghaidh na bhfáithe - an Tiarna a labhraíonn - a ghoideann mo bhriathra óna chéile.
31. Táimse in aghaidh na bhfáithe - an Tiarna a labhraíonn - nach lia corraí teanga astu ná tairngreacht.
32. Táimse in aghaidh na bhfáithe a dhéanann tairngreachtaí as brionglóidí bréagacha - an Tiarna a labhraíonn - a insíonn iad, agus a thugann ar mo phobal seachránú lena mbréaga agus lena gcur i gcéill. Ní mise go cinnte a chuir uaim iad ná a thug aon ordú dóibh, agus ní aon tairbhe don phobal seo iad - an Tiarna a labhraíonn.
33. “Agus nuair a fhiafróidh na daoine seo, fáidh nó sagart, díotsa: ‘Céard é ualach an Tiarna?’ déarfaidh tú leis: ‘Tusa, is tusa ualach an Tiarna; is ea, tusa, agus cuirfidh mé díom thú! an Tiarna a labhraíonn.’
34. “Agus an fáidh, sagart, nó aon duine eile a déarfaidh: ‘Ualach an Tiarna’, gearrfaidh mise pionós ar an bhfear sin, agus ar a theaghlach freisin.
35. Is mar seo ba cheart daoibh labhairt, gach uile dhuine lena chomharsa agus gach aon lena dheartháir: ‘Céard a d'fhreagair an Tiarna?’ nó ‘Céard a dúirt an Tiarna?’
36. Ach ná leanaigí oraibh á rá: ‘Ualach an Tiarna’, nó is ualach a bheidh ann cinnte don té a deir é, mar claonann sibh briathra Dé bheo, Tiarna na Slua, ár nDia.
37. Is mar seo a déarfaidh tú leis an bhfáidh: ‘Cén freagra a thug an Tiarna?’ nó: ‘Céard a dúirt an Tiarna?’
38. Ach má deir tú: ‘Ualach an Tiarna’, is ansin a deir an Tiarna: ‘De bhrí go n‑abrann tú na focail seo: Ualach an Tiarna; agus gur chros mise oraibh a rá: Ualach an Tiarna;