Irimia 23:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. “Is mairg do na haoirí a ligeann do chaoirigh m'innilte imeacht ar aimhleas agus ar fán - an Tiarna a labhraíonn.

2. Dá bhrí sin, is é seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael, i dtaobh na n‑aoirí a bheathaíonn mo phobal: Lig sibh scaipeadh agus seachrán a theacht ar mo thréad agus níor thug aon aire dóibh. Féach, agróidh mise oraibhse olc bhur ngníomhartha - an Tiarna a labhraíonn.

3. Ach cruinneoidh mé féin fuílleach mo thréada as gach uile thír inar dhíbir mé iad, agus tabharfaidh mé ar ais iad chun a dtalamh féaraigh: beidh siad síolmhar agus méadófar iad.

4. Cuirfidh mé aoirí os a gcionn a bheathóidh iad; ní bheidh eagla orthu níos mó, ná uamhan; ní bheidh easnamh ar bith orthu - an Tiarna a labhraíonn.

5. Feach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn -agus ardóidh mé do Dháiví beangán fíréanta;rialóidh sé ina rí go críonna,agus déanfaidh sé breithiúnas agus ceart sa talamh.

6. Ina laethanta siúd sábhálfar Iúdá agus cónóidh Iosrael faoi dhóchas.Is é seo an t‑ainm a bhéarfar air: An Tiarna ár bhfíréantacht.

7. “Mar sin, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - nach ndéarfaidh daoine níos mó: ‘Go maire an Tiarna a thug clann Iosrael as críoch na hÉigipte!’

Irimia 23