6. Sea, is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh pálás rí Iúdá:Ba Ghileád thú agamsa,Ba bheann de chuid na Liobáine thú;mar sin féin, déanfaidh mé fásach díot,baile gan áitritheoir ann.
7. Tá fir do mhillte tofa agam,ag gach uile fhear acu tá a thua;gearrfaidh siad anuas na céadair is fearr agat,agus teilgfidh sa tine iad.
8. “ ‘Nuair a ghabhfaidh sluaite na náisiún thar an gcathair seo, déarfaidh siad lena chéile: Cad chuige go ndearna an Tiarna é seo leis an gcathair mhór seo?
9. Is é an freagra a thabharfar: Mar thréig siad conradh an Tiarna a nDia chun déithe eile a adhradh agus fónamh a dhéanamh dóibh.’
10. Ná golaigí ar son an mhairbh, ná caoinigí é.Ach golaigí go géar ar son an té a d'imigh,óir ní thiocfaidh sé ar ais go deo,ní fheicfidh sé a thír dhúchais arís go brách.
11. “Óir is mar seo a dúirt an Tiarna i dtaobh Sealúm mac Ióisíá, rí Iúdá, a bhí ina rí i ndiaidh a athar Ióisíá agus arbh éigean dó imeacht ón áit seo: ‘Ní fhillfidh sé ar an áit seo níos mó
12. ach éagfaidh sé san áit a ndearna siad cime de é; agus ní fheicfidh sé an tír seo arís.’ ”
13. “Is mairg don té a leagann dúshraith a pháláis le héigeart,agus a sheomraí uachtair le héagóir,a thógann seirbhís a chomharsan gan tuarastal,agus nach n‑íocann é ar son a shaothair,