26. Tusa agus do mháthair a rug thú, caithfidh mé amach sibh go tír eile; ní ann a rugadh sibh ach is ann a gheobhaidh sibh beirt bás.
27. Ní fhillfidh siad chun na tíre inar mian leo filleadh.”
28. An pota briste, beagmhaitheasach é,an fear seo Coiniá,an soitheach é gan dúil ag aon duine ann?Cad chuige ar teilgeadh amach iad,é féin agus a shliocht,ar teilgeadh iad do thír nach aithnid dóibh?
29. Ó a thalaimh, a thalaimh, a thalaimh,éist le briathar an Tiarna!