Irimia 22:22-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

22. Séidfidh an ghaoth do thréadaithe uilego malairt féaraigh;rachaidh d'aos grá i mbraighdeanas.Go deimhin féadann náire agus ceann faoi a bheith ort anoisag smaoineamh duit ar do chionta uile.

23. Tusa a rinne cónaí sa Liobáin,a neadaigh i measc na gcéadar,cé mar a dhéanfaidh tú cneadachnuair a thiocfaidh na doitheacha ort,an phian amhail bean in íona.”

24. “Faoi mar a mhairim - an Tiarna a labhraíonn - dá mbeadh Coiniá mac Iahóiácaím rí Iúdá, ina fháinne séala ar mo dheasláimh, mar sin féin tharraingeoinn as sin é.

25. Tabharfaidh mé thú i lámha na muintire a iarrann do bhás, i láimh an dreama a bhfuil eagla ort rompu, i láimh Nabúcadnazar rí na Bablóine, i láimh na gCaildéach.

26. Tusa agus do mháthair a rug thú, caithfidh mé amach sibh go tír eile; ní ann a rugadh sibh ach is ann a gheobhaidh sibh beirt bás.

27. Ní fhillfidh siad chun na tíre inar mian leo filleadh.”

Irimia 22