Irimia 22:18-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. Ar an ábhar sin is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá:“Bás don fhear sin! Ná caoinigí é:‘Uch a dheartháir!’ ‘Uch a dheirfiúr!’Ná caoinigí ar a shon:‘Uch, a thiarna!’ ‘Uch, a mhórgacht!’

19. Adhlacfar é le hadhlacadh asail,á tharraingt ar shiúl agus á chaitheamh amachas geataí Iarúsailéim.”

20. “Imigh suas chuig an Liobáin agus éigh,tóg suas do ghuth i mBáiseán, scread as Abáraím anall,óir do scriosadh d'aos grá uile!

21. Labhair mise leat i do shonas,ach dúirt tú: ‘Ní éistfidh mé.’Ba é seo do bhéasa ó d'óige;níor umhlaigh tú do mo ghuthsa.

Irimia 22