Irimia 20:10-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Cluinim mórán do mo tharcaisniú:“Eagla ar gach aon taobh!Sceithigí air! Sceithimis air!”Ag a raibh de chairde agam uairbhí súil in airde le mo threascairt:“Meallfar é b'fhéidir, ansin béarfaimid bua airagus imreoimid díoltas air!”

11. Ach tá an Tiarna liomsa, curadh cumhachtach;ar an ábhar sin tuisleoidh lucht m'ionsaithe;ní chloífidh siad mé;brisfear orthu;beidh siad trína chéile,ní dhéanfar dearmad go brách ar a náire shíoraí.

12. Ach, a Thiarna na Slua, a scrúdaíonn le fírinne,a ransaíonn na háranna agus an croí,feicim do dhíoltas orthumar is duitse a d'fhoilsigh mé mo chúis.

13. Canaigí don Tiarna, molaigí an Tiarna,óir shaor sé anam an bhoicht ó láimh lucht déanta an oilc.

14. Gura mallaithe an lá a rugadh mé,nára beannaithe an lá a rug mo mháthair mé!

15. Gura mallaithe an fear a thug scéala chun m'athar:“Rugadh leanbh mic duit!” á dhéanamh rólúcháireach.

16. Bíodh an fear sin cosúil leis na bailtea scrios an Tiarna gan trócaire;go gcluine sé an scread ar maidin,agus an gháir chatha ar uair an mheán lae,

17. de bhrí nár mharaigh sé mise sa bhroinn,go mbeadh mo mháthair ina huaigh agamfad a bheadh a broinn torrach orm.

18. Cad chuige ar tháinig mé as an mbroinn riamh,a thabhairt aghaidh ar shaothar agus doilíosagus go gcríochnófaí mo laethanta faoi náire?

Irimia 20