Irimia 2:9-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Ar an ábhar sin cuirfidh mé triail arís oraibhan Tiarna a labhraíonn -agus ar chlann bhur gclainne cuirfidh mé triail.

10. Seolaigí go hoileáin Chitím nó cuirigí fios go Céadár.Meabhraígí go cúramachféachaint ar tharla a leithéid seo riamh.

11. An malartaíonn cine a ndéithe?- agus ní déithe in aon chor iad seo!Ach mhalartaigh mo phobalsa a nglóirar rud gan mhaith.

12. Bíodh uafás oraibh, a neamha;faoin ní seo bíodh uamhan oraibhcrithigí le heagla- an Tiarna a labhraíonn.

13. Mar rinne mo phobalsa coir dhúbalta:thréig siad mise, foinse an uisce bheo,agus thochail siad dabhcha dóibh féin,dabhcha pollta nach gcoinníonn uisce.

14. An sclábhaí mar sin Iosrael?Nó an le haghaidh na daoirse a rugadh é,go ndéantar é a chreachadh mar seo?

15. Bhúir na leoin air,thógadar a nguth in ard a gcinn.Rinneadar fásach dá dhúiche;tá a bhailte dóite, gan áitritheoirí.

16. Bhearr muintir Nof agus Thachpanaesfiú baithis do chinn!

17. Nár tharraing tú é seo ort féin,mar gur thréig tú an Tiarna do Dhia?

18. Cén mhaith duit anois do thriall ar an Éigipt,a ól uisce na Níle?Cén mhaith duit do thriall ar an Asaír,a ól uisce na hAbhann?

19. Tá d'olc féin do do smachtú,do shleamhnú thar n‑ais do do cheartú;bíodh a fhios go maith agatgur searbh agus gurb olc an mhaise duitan Tiarna do Dia a thréigeanagus gan m'eagla a bheith ionat- is é Tiarna na Slua a labhraíonn.

20. Is fada ó shin anois ó bhris tú do chuing,ó réab tú do chuibhreacha,á rá: ‘Ní bheidh mise i mo shearbhónta.’Ina dhiaidh sin, áfach, ar an uile chnoc ardagus faoi gach crann craobhachluigh tú siar mar a dhéanfadh meirdreach.

21. Ach phlandaigh mise thú i d'fhíniúin uasal,ceap fírinneach tríd agus tríd.Conas, más ea, ar éirigh tú i do phlanda fiáin,a fhíniúin thruaillithe?

22. Bíodh go nífeá thú féin i mbuacagus go dtógfá chugat mórán gallúnaí,bhraithfinn ina dhiaidh sin sal do choire- is é an Tiarna Dia a labhraíonn.

23. Conas a fhéadann tú a rá: ‘Níl mise truaillithe,ní dheachaigh mise i ndiaidh na mBálaím’?Féach, lorg do chos sa ghleann,agus admhaigh céard tá déanta agat.Camall baineann anonn agus anall,

Irimia 2