25. Fainic! Ní fada go siúla do chosa féin gan bhróga,go mbeidh do theanga féin ina spalladh le tart.Ach dúirt tú: ‘Nach cuma?Óir táim i ngrá le strainséiríagus is ar a lorg siúd a rachaidh mé.’
26. Mar a bhíonn náire ar ghadaí nuair a bheirtear air,is mar sin a bheidh ag teach Iosrael;iad uile, a ríthe, a bprionsaí,a sagairt, a bhfáithe,
27. a deir le smután adhmaid: ‘Is tú m'athair,’le cloch: ‘Is tú a thug ar an saol mé.’Iompaíonn siad a ndroim liomsaagus ní hé a n‑aighthe;ach in am a mbuartha béiceann siad:‘Éirigh agus sábháil sinn.’
28. Cá bhfuil na déithe sin leat a rinne tú duit féin?Éirídís siúd, má fhéadann siad do shábháil in am do bhuartha!Óir ní lia bailte agat, a Iúdá, ná déithe;ní lia sráideanna ag Iarúsailéim ná altóirí ag Bál.
29. Cén chúis ghearáin atá agaibh orm?D'éirigh sibh uile amach i m'aghaidh- is é an Tiarna a labhraíonn.
30. Is go díomhaoin a bhuail mé síos bhur gclann mhac;níor ghabh sibh aon cheartú;bhur gclaíomh féin, mar leon craosach,a mharaigh bhur bhfáithe.
31. A bhaicle gan náire! Éistigí le briathar an Tiarna Dia:An raibh mise i m'fhásach do Iosrael,nó i m'fhearann dlúth dorcha?Cad chuige mar sin go n‑abrann mo phobalsa:‘Tá cead ár gcos againn, ní thiocfaimid chugat feasta’?
32. An ndéanann maighdean dearmad ar a hornáidí,nó brídeog dearmad ar a feisteas pósta?Ach ina dhiaidh sin dhearmad mo phobal miselaethanta gan áireamh.
33. Nach maith is eol duit an tslí ar lorg grá!Go deimhin shiúil tú chomh eolach sini slí na gciontach,
34. go léiríonn do lámhalorg fola na neamhchiontach.Agus ní i gcionn tochailte a rug tú orthu siúd!Ach freagróidh tú astu seo uile go cinnte.
35. Deir tú: ‘Táimse saor ó locht,tá a fhearg iompaithe uaim.’Agus féach anois mé ag tabhairt breithe ortmar go n‑abrann tú: ‘Níor pheacaigh mé.’
36. Nach guagach a thugann tú faoi mhalairt chúrsa!Ach cuirfear as do dhóchas thú ag an Éigiptdíreach faoi mar cuireadh thú as do dhóchas ag an Asaír.
37. Beidh ort imeacht as an áit sin freisinagus do lámha ar do chloigeann agat,mar tá fir do dhóchais caite uaidh ag an Tiarna,agus ní dhéanfaidh tú biseach leo.”