Irimia 2:21-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. Ach phlandaigh mise thú i d'fhíniúin uasal,ceap fírinneach tríd agus tríd.Conas, más ea, ar éirigh tú i do phlanda fiáin,a fhíniúin thruaillithe?

22. Bíodh go nífeá thú féin i mbuacagus go dtógfá chugat mórán gallúnaí,bhraithfinn ina dhiaidh sin sal do choire- is é an Tiarna Dia a labhraíonn.

23. Conas a fhéadann tú a rá: ‘Níl mise truaillithe,ní dheachaigh mise i ndiaidh na mBálaím’?Féach, lorg do chos sa ghleann,agus admhaigh céard tá déanta agat.Camall baineann anonn agus anall,

24. déanann sí ar an bhfásachag smúrthacht ar an ngaoth go macnasach.Cé a fhéadann í siúd a smachtú agus í ar dáir?Ní bheidh stró ar an té a bheidh á lorg.Gheofar í [ag cúpláil].

25. Fainic! Ní fada go siúla do chosa féin gan bhróga,go mbeidh do theanga féin ina spalladh le tart.Ach dúirt tú: ‘Nach cuma?Óir táim i ngrá le strainséiríagus is ar a lorg siúd a rachaidh mé.’

26. Mar a bhíonn náire ar ghadaí nuair a bheirtear air,is mar sin a bheidh ag teach Iosrael;iad uile, a ríthe, a bprionsaí,a sagairt, a bhfáithe,

27. a deir le smután adhmaid: ‘Is tú m'athair,’le cloch: ‘Is tú a thug ar an saol mé.’Iompaíonn siad a ndroim liomsaagus ní hé a n‑aighthe;ach in am a mbuartha béiceann siad:‘Éirigh agus sábháil sinn.’

Irimia 2