Irimia 18:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. An briathar a tháinig go Irimia ón Tiarna:

2. “Éirigh, imigh síos go teach an photaire; is ansin a thabharfaidh mé le cloisteáil duit a bhfuil le rá agam.”

3. Chuaigh mé síos mar sin go teach an photaire, agus bhí sé ann ag obair ag a roth.

4. Agus ní raibh uair dár milleadh an soitheach cré a bhí á dhéanamh ag an bpotaire nach ndearna sé arís é ina shoitheach eile, mar is nós le potairí a dhéanamh.

5. Ansin tháinig an briathar seo ón Tiarna chugam:

6. “rí theach Iosrael, nach bhféadaimse a dhéanamh libhse mar a dhéanann an potaire seo? - an Tiarna a labhraíonn - Sea, faoi mar atá an chré i láimh an photaire, is mar sin atá sibhse i mo láimhse, a theach Iosrael.

7. Uaireanta ordaím i dtaobh cine, nó ríochta, a dtarraingt aníos, a leagan, a scriosadh;

8. ach má fhilleann an cine sin, ar ar thug mé daorbhreith, óna n‑oilc, ansin tagann malairt intinne chugamsa i dtaobh an oilc a bhí ceaptha agam dóibh.

9. Uaireanta eile, ordaím i dtaobh cine, nó ríochta, a thógáil agus a phlandú;

10. ach má dhéanann an cine sin olc i mo radharc, agus mura n‑umhlaíonn siad do mo ghuth, bíonn aithrí orm faoin maith a bhí ar intinn agam a bhronnadh orthu.

Irimia 18