10. Mise, an Tiarna, scrúdaím an croí, dearbhaím na duáin,a thabhairt do gach aon fhear de réir a iompairagus de réir toradh a ghníomhartha.
11. Gorfaidh an phatraisc uibheacha nár rug sí,is mar sin don fhear a bhain saibhreas, agus nach le ceart;ní mór dó scarúint leis i lár a laethanta,agus ina chríoch dhéanach fágfar ina amadán é.”
12. Is ríchathaoir ghlórmhar,suite in airde ó thosach,áit ár sanctóra.
13. Ó, a Thiarna, a Dhóchas Iosrael!Beidh náire ar gach aon a thréigeann thusa,na daoine a iompaíonn uaitsesracfar ó fhréamh iad as an tír,de bhrí gur thréig siad foinsí an uisce bheo.
14. Slánaigh mé a Thiarna, agus beidh mé slán go cinnte,sábháil mé agus beidh mé sábháilte,óir is tú amháin mo [dhóchas].
15. Féach, deir siad liom gan scor:“Cá bhfuil briathar an Tiarna?Tagadh sé i gcrích anois.”
16. Ach maidir liomsa,níor spreag mé riamh thú chun an oilc,ní mó ba mhian liom an lá mairgneach,tá a fhios seo agatsa;ní raibh an rud a tháinig as mo bhéal i bhfolach ort.
17. Ná bí i do uafás domsa, tusa, is dídean dom i lá an oilc.
18. Cloítear lucht mo ghéarleanúna, ach ná cloítear mise;cuirtear scéin orthusan, ach ní ormsa.Tabhair lá an oilc orthusan, scrios iad le scrios faoi dhó!
19. Is mar seo a dúirt an Tiarna liomsa: “Imigh agus seas i nGeata Chlann an Phobail ina dtagann ríthe Iúdá isteach agus amach - agus i ngeataí uile Iarúsailéim.
20. Abair leo: ‘Éistigí le briathar an Tiarna, sibhse a ríthe Iúdá, agus sibhse pobal uile Iúdá freisin, agus sibhse, cathróirí uile Iarúsailéim, a théann na geataí seo isteach.