Irimia 17:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. “Tá peaca Iúdá scríofa le peann iarainn,tá sé greanta le rinn diamaint ar chlár a gcroíagus ar chorra a n‑altóirí mar fhianaise ina n‑éadan

2. (a n‑altóirí agus a gcuaillí coisricthe, ag gach crann craobhach, ar na cnoic arda, ar na sléibhte, amuigh faoin tuath).

3. Tabharfaidh mé do mhaoin agus do chiste mar chreachmar íocaíocht ar do pheacaí uile ar fud do thíre.

4. Caithfidh tú scaradh le d'oidhreacht a thug mise duit;tabharfaidh mé i ndaoirse thú do do naimhdeóir d'fhadaigh mo fhearg tine a loscfaidh go brách,i dtír nach aithnid duit.”

5. Is mar seo a deir an Tiarna:“Is mallaithe an fear a chuireann a mhuinín i nduine,agus a bhíonn i dtuilleamaí na feola,agus a iompaíonn a chroí ón Tiarna.

6. Is cosúil é le grágán tóir san fhásach;má thagann maith ní fheiceann sé í;cuireann sé faoi in áiteanna dóite an fhásaigh,i bhfearann saillte atá gan áitreabh.

7. Is beannaithe an fear a chuireann a mhuinín sa Tiarnaagus arb é an Tiarna a dhóchas.

8. Is cosúil é le crann atá lámh le huisce,agus a shíneann a fhréamhacha amach leis an sruth;ní bhíonn sé i bhfaitíos roimh lá an bhrothaill,mar fanann a dhuilliúr glas;ní bhíonn sé buartha i mbliain an tarta,mar ní éiríonn as torthaí a thabhairt.

9. Tá an croí cealgach thar gach rud eile,agus urchóideach lena chois;cé a fhéadann é a ransú?

10. Mise, an Tiarna, scrúdaím an croí, dearbhaím na duáin,a thabhairt do gach aon fhear de réir a iompairagus de réir toradh a ghníomhartha.

11. Gorfaidh an phatraisc uibheacha nár rug sí,is mar sin don fhear a bhain saibhreas, agus nach le ceart;ní mór dó scarúint leis i lár a laethanta,agus ina chríoch dhéanach fágfar ina amadán é.”

Irimia 17