13. Mar sin teilgfidh mé as an tír seo sibh go tír nach aithnid daoibh féin ná do bhur n‑aithreacha; déanfaidh sibh fónamh ansin do dhéithe eile, de lá agus d'oíche, agus ní thaispeánfaidh mise fabhar daoibh a thuilleadh.’
14. “Féach, mar sin, go bhfuil na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - nach ndéarfaidh daoine níos mó: ‘Go maire an Tiarna a thug clann Iosrael as críoch na hÉigipte!’
15. ach: ‘Go maire an Tiarna a thug clann Iosrael as an tír thuaidh agus as gach uile thír inar dhíbir sé iad.’ Tabharfaidh mise ar ais iad go dtí an fearann céanna a thug mise dá sinsir.
16. “Seolfaidh mé anois mórán iascairí - an Tiarna a labhraíonn - agus tabharfaidh siad ar barr iad; ansin, seolfaidh mé mórán sealgairí agus déanfaidh siad a bhfiach ó gach uile shliabh, as gach cnoc, amach as poill na gcarraig.
17. Óir tá mo shúile ar a n‑imeachtaí uile, níl siad ceilte orm, ní mó tá a gcionta i bhfolach ar mo shúile.
18. Cúiteoidh mé a gciontacht agus a bpeaca faoi dhó, de bhrí gur thruailligh siad mo dhúiche le conablacha a nithe fuafara, is líonadar m'oidhreacht lena ngráiniúlachtaí.”