Irimia 15:13-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. “Tabharfaidh mé do mhaoinagus do chiste chun creiche,mar íocaíocht ar do pheacaí uile ar fud do thíre.

14. Tabharfaidh mé i ndaoirse thú do do naimhdei dtír nach feasach duit,óir d'fhadaigh m'fhearg tinea loscfaidh thú go hiomlán,”

15. ar uair a thubaiste agus a anó?Is feasach duit go ndearna!A Thiarna, cuimhnigh ormsa, coinnigh do shúil orm,agus déan mise a dhíolt ar lucht mo ghéarleanúna.Is mall í d'fhearg; ná lig i gcrích go sciobfaí chun siúil mé.Bíodh a fhios agat gur ar do shonsa a fhulaingím masla.

16. Nuair a tháinig do bhriathra, d'ith mise iad.Bhí do bhriathar ina ghairdeachasagus ina lúcháir do mo chroí;óir gaireadh d'ainmse orm, a Thiarna, Dia na Slua.

17. Níor bhain mé sult riamh as suí i gcomhluadar na scigirí;mar gheall ar do láimhse orm, shuigh mé ar leithligh,óir líon tú le fearg mé.

18. Cad chuige a bhfuil mé ag síorfhulaingt,a bhfuil mo chneá gan leigheas, agus í doleigheasta?An mbeidh tú domsa amhail sruthán bréagacha bhfuil a uisce neamhbhuan?

19. Is mar seo a d'fhreagair an Tiarna:“Má fhilleann tú, tabharfaidh mé liom arís thú ar aimsir;agus má labhraíonn tú go huasal agus ní go suarach,beidh tú amhail mo bhéal féin.Fillfidh siadsan ortsa,ach ná fillse orthusan.

Irimia 15