Irimia 14:9-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Cad chuige ar cosúil thú le duine ar mearbhall,mar a bheadh laoch ann nach bhfuil cabhair ar a acmhainn?Ina dhiaidh sin, a Thiarna, tá tusa inár measc,gairtear d'ainmse orainn. Ná tréig sinn!

10. Is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh an phobail seo: “Baineann siad an oiread sin sult as dul ar seachrán nach bhfuil smacht ar a gcosa acu!” Ach ní ghabhann an Tiarna chuige iad níos mó; cuimhníonn sé anois ar a gcionta agus agróidh sé a bpeacaí orthu.

11. Dúirt an Tiarna liomsa: “Ná guighse ar son na ndaoine seo chun maitheasa.

12. Má throscann siad ní éistfidh mé a n‑achainí; má thairgeann siad ofráil loiscthe agus íobairt ní ghlacfaidh mé iad. Is mó is rún liom iad a scriosadh leis an gclaíomh, leis an ngorta, leis an bplá.”

13. D'fhreagair mise: “Ó, a Thiarna Dia, ag seo na fáithe á rá leo: ‘Ní fheicfidh sibh an claíomh, ní bheidh gorta agaibh; geallaimse daoibh síocháin daingean san áit seo.’ ”

14. Ansin dúirt an Tiarna liom: “Tá na fáithe ag tairngreacht bréag i m'ainmse; ní mé a chuir uaim iad, ní mó is mé a d'ordaigh dóibh ná a labhair riamh leo. Físeanna bréige, geasadóireacht, aislingí dá ndéantús féin, sin a thairngríonn siad daoibh.

Irimia 14