1. Briathar an Tiarna a tháinig go Irimia ar uair an triomaigh:
2. “Tá Iúdá ag caoineadh,tá a bailte ag déanamh dobróinagus iad íslithe go talamh;téann éamh ó Iarúsailéim suas.
3. Cuireann na huaisle a gcosmhuintir faoi dhéin uisce,tagann siad chun na ndabhach,agus ní bhfaigheann uisce,filleann siad gona soithí folmha.
4. Diúltaíonn an talamh aon toradh a thabhairt,mar ní raibh fearthainn ann;tá anbhá ar na treabhdóirí agus folaíonn siad a gceann.
5. Fiú na heilite, nach dtréigeann sí ar an réiteacha hoisín nuabheirthe, mar nach bhfuil féar ann.
6. Tá saothar anála ar na hasail fhiáineina seasamh dóibh ar na cnocáin loma,mar a bheadh seacáil ann;éiríonn a súile dallta d'uireasa féir.”
7. Bíodh agus go bhfianaíonn ár n‑oilc inár n‑aghaidh,déan beart mar sin féin, a Thiarna, ar son d'ainm fein!Go deimhin is minic a bhíomar mídhílis,pheacaíomar i d'aghaidhse!
8. Ó a Thiarna, a dhóchais Iosrael,a shlánaitheoir in am an anó,cad chuige ar cosúil le strainséir thú sa tír seo,mar a bheadh taistealaí ann nach bhfanann ach aon oíche?
9. Cad chuige ar cosúil thú le duine ar mearbhall,mar a bheadh laoch ann nach bhfuil cabhair ar a acmhainn?Ina dhiaidh sin, a Thiarna, tá tusa inár measc,gairtear d'ainmse orainn. Ná tréig sinn!
10. Is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh an phobail seo: “Baineann siad an oiread sin sult as dul ar seachrán nach bhfuil smacht ar a gcosa acu!” Ach ní ghabhann an Tiarna chuige iad níos mó; cuimhníonn sé anois ar a gcionta agus agróidh sé a bpeacaí orthu.
11. Dúirt an Tiarna liomsa: “Ná guighse ar son na ndaoine seo chun maitheasa.
12. Má throscann siad ní éistfidh mé a n‑achainí; má thairgeann siad ofráil loiscthe agus íobairt ní ghlacfaidh mé iad. Is mó is rún liom iad a scriosadh leis an gclaíomh, leis an ngorta, leis an bplá.”
13. D'fhreagair mise: “Ó, a Thiarna Dia, ag seo na fáithe á rá leo: ‘Ní fheicfidh sibh an claíomh, ní bheidh gorta agaibh; geallaimse daoibh síocháin daingean san áit seo.’ ”