Irimia 13:7-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. D'imigh mé ansin go dtí an Eofrataes, thochail mé agus thóg an crios as an áit ar fholaigh mé é. Bhí an crios millte, gan mhaith.

8. Ansin tháinig briathar an Tiarna chugam:

9. “Is mar seo a deir an Tiarna: ‘Sa chaoi chéanna millfidh mé uabhar Iúdá agus Iarúsailéim.

10. An pobal dona seo a dhiúltaíonn mo bhriathar a éisteacht, a imíonn de réir comhairle a gcruachroí féin, a chuaigh i ndiaidh déithe eile, a dhéanamh freastail orthu agus á n‑adhradh, bídís ar nós an chreasa seo, gan mhaith.

Irimia 13