Irimia 13:16-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Tugaigí glóir don Tiarna ár nDiasula mbéarfaidh sé dorchadas anuas,sula dtuisleoidh bhur gcosa ar na sléibhte dorcha.Tá súil agaibh le solas, ach fillfidh seisean i scáile é,déanfar de dorchacht tiubh.

17. Mura n‑éisteann sibh leis an rabhadh seo,caoinfidh mé go haonraic bhur n‑uabhar,líonfaidh mo shúile le deora,mar go bhfuil tréad an Tiarna á dtabhairt i mbraighdeanas.

18. Abair leis an rí agus leis an ríonmháthair:“Suígí in áit níos ísle,mar gur thit anuas díbhcoróin bhur nglóire.”

19. Tá bailte an Neigib druidte suas,gan tarrtháil i ndán dóibh ó aon duine.Rugadh Iúdá uile ar shiúl,tógadh gach aon duine i mbraighdeanas.

20. “Ardaigh do shúile, a Iarúsailéim, agus féach an dreamatá ag teacht anois as an tuaisceart.Cá bhfuil an tréad a tugadh duitse uair ar iontaoibh,an tréad as a ndéanfá mórtas?

21. Céard a déarfaidh tú nuair a thiocfaidh siad anuas ortmar bhuaiteoirí,an dream a mhúin tú féina bheith mar chairde agat?Nach mbéarfaidh doilíos ortfearacht mná i dtinneas clainne?

22. Má deir tú leat féin i do chroí:‘Cad chuige ar éirigh na nithe seo domsa?’Is mar gheall ar mhéid d'oilca ardaíodh do chótaí agus a tugadh ainíde duit.

23. An bhféadann an tAetópach a chraiceann a mhalairtnó an liopard a bhreacadh?Agus tusa, an bhféadann tú maith a dhéanamh,tusa a ghnáthaíonn déanamh an oilc?

24. Scaoilfidh mé ó chéile thú ar nós cáthaa imíonn le gaoth an fhásaigh.

25. Seo é cuid do thomhais,do thuarastal uaimse in íoc do shéanta- an Tiarna a labhraíonn - mar gur lig tú mise i ndearmadagus gur thaobhaigh tú le bréag.

26. Ligfidh mise do chótaí aníos le d'aghaidh,le go mba léir do náire,

Irimia 13