7. “Thréig mé mo theach,d'fhág mé m'oidhreacht,thug mé an rud ab ionúin liomi láimh a naimhde.
8. Tá m'oidhreacht domsamar bheadh leon san fhoraois;búireann sí liom go fíochmhar;mar sin, fuathaím anois í.
9. Nó an cosúil m'oidhreacht le héan breaca mbeadh an éanlaith ag bailiú anuas uirthi ó gach taobh?Tagaigí, a bheithíocha allta,cruinnígí chun slogtha.
10. Scrios iomad tréadaithe mo gharraí fíniúna,shatail siad faoi chois mo chomhroinn,rinne siad m'oidhreacht shólásach ina fásach aonraic.
11. Rinneadh aonaránach í,áit uaigneach i mo shúile.Rinneadh fásach den dúiche ar fad,agus ní mheabhraíonn aon duine ina chroí.
12. Tá na scriosadóirí tagthago gach cnocán lom san fhásach(óir beartaíonn an Tiarna claíomh a shlogann);ó cheann ceann na tírení bhfaigheann feoil ar bith síocháin.
13. Cruithneacht a chuir siad i dtalamh,ach baineann siad dreas.Chuir siad iad féin chun saothair,ach ba é an saothar in aisce é.Loiceann barraí an fhómhair orthu,mar gheall ar fhearg an Tiarna.”
14. Is mar seo a deir an Tiarna: “Maidir leis na drochchomharsana agam uile, a thóg i láimh an oidhreacht a bhronn mise ar mo phobal Iosrael, tarraingeoidh mé as a ndúichí anois iad. (Ach tarraingeoidh mé teach Iosrael as a lámha.)
15. Ach tar éis dom iad a tharraingt amach beidh trua agam dóibh agus tabharfaidh mé ar ais iad, gach uile dhuine chun a oidhreachta, gach aon duine chun a dhúiche.
16. Agus má thabharfaidh siad dá n‑aire slí mo phobail a fhoghlaim agus mionnú i m'ainmse: Go maire an Tiarna; mar a mhúin siad siúd do mo phobal mionnú faoi Bhál, ansin beidh áit acu i measc mo phobail.
17. Ach má dhiúltaíonn aon chine éisteacht, tarraingeoidh mé as a fhréamhacha é agus scriosfaidh mé an cine sin - an Tiarna a labhraíonn.”