Irimia 12:1-2 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Is ceart atá tú, a Thiarna,nuair a dhéanaim casaoid ort.Ach lig dom pointe breithiúnais a cheistiú.Cad chuige a mbíonn an rath ar dhrochdhaoine?Go mbíonn siad siúd sona a dhéanann olc?

2. Plandaíonn tú iad agus gabhann siad fréamh,fásann agus tugann siad toradh.Tá tusa i gcónaí ar a mbéal,ach i bhfad óna gcroí.

Irimia 12