Irimia 11:14-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. “Agus thusa, ná guighse ar son na ndaoine seo, ná tóg achainí ná urnaí ar a son; mar ní éistfidh mé leat in am a n‑anó.

15. Céard tá á dhéanamh ag mo ghrá i mo theachsa?Tá cur i gcéill ar siúl aici!An bhféadann móideanna agusfeoil choisricthe do chiontacht a chur díot?An é go ndéanfaidh mise glan thú dá bharr?

16. Crann ola breá géagach, daingean,a thug an Tiarna d'ainm ort.Faoi ghreadadh gaoithe móirecuireann sé tine lena dhuilliúr;tá a chraobhacha ar lasadh.

17. “Agus d'fhógair Tiarna na Slua, a chuir i dtalamh thusa, olc i d'aghaidh mar gheall ar choir theach Iosrael agus theach Iúdá do mo ghríosú chun feirge, as túis a loscadh do Bhál.”

18. D'fhoilsigh an Tiarna domsa é; cuireadh fainic orm. A Thiarna is í sin an uair ar chuir tú a gcomhcheilg ar mo shúile dom.

19. 11 Ach bhí mise mar a bheadh uan mín ann a sheoltar chun a mharaithe, agus mé ar neamheolas na ceilge a bhí á cumadh acu i m'aghaidh, á rá: “Scriosaimis an crann lena thorthaí, gearraimis amach é as tír na mbeo, ionas nach mbeidh cuimhne ar a ainm go deo.”

20. Ach, a Thiarna na Slua,is tú an breitheamh cóir,is tú a scrúdaíonn na háranna agus an croí;feicimse do dhíoltas orthu,mar is i do lámha a chuir mé mo chúis.

21. Is mar seo a labhair an Tiarna in éadan mhuintir Anatót a iarrann mo bhás agus a bhagair orm: “Ná tairngir in ainm an Tiarna, nó éagfaidh tú faoinár lámha.”

22. “Is mar seo a smachtóidh mise iad,” a deir Tiarna na Slua, “titfidh a n‑ógánaigh leis an gclaíomh, éagfaidh a mic agus a n‑iníonacha le gorta.

23. Ní fhágfar duine díobh beo nuair a bhéarfaidh mise olc ar mhuintir Anatót i mbliain a gcuarta.”

Irimia 11